Is é an phríomhaidhm atá leis an suíomh gréasáin seo ná eolas a chur ar fáil agus a scaipeadh faoin scannán United European Christendom – Heal the Schism Now! (Críostaíocht Aontaithe Eorpa – Leigheastar an Scoilt Anois!) Is é an phríomhaidhm atá leis an scannán seo ná cabhrú leis an Eaglais Cheartchreidhmheach-Chaitliceach a athaontú agus le haontas agus sláine níos mó a bhunú (nó a athbhunú) taobh istigh de shibhialtacht na Críostaíochta, ag tosú le Críostaíocht na hEorpa. Tá sé de rún againn go labhródh an scannán seo le pobal na ndílseach Críostaí. Ar dhóigh thábhachtach is dhá scannán é Críostaíocht Aontaithe na hEorpa – Leigheastar an Scoilt Anois, mar is mór atá idir an dá ábhar. Tá an-tábhacht ag baint le hábhar amháin acu, mar atá, Críostaíocht na hEorpa. Ach tá an t-abhar eile, an Eaglais, i bhfad bhfad níos tábhachtaí. Agus tú ag iarraidh teacht ar thuiscint faoin dóigh ar chóir do phobal na ndílseach Críosaí dul i ngleic leis an dá ábhar seo, beidh nithe áirithe ann a mbeidh an chuma orthu gur ag bréagnú a chéile atá siad.
An chéad chuid, a dtabharfaimid an chéad scannán uirthi, déanann sí iarracht déileáil leis na saincheisteanna diagachta, eaglaiseolaíochta agus eile a bhaineann leis an scoilt a tharla san Eaglais sa 5ú haois agus go háirithe leis an MhórScoilt san Eaglais, dar dáta 1054 de réir coinbhinsiúin ach a d’fhorbair le fírinne idir an 9ú haois agus go luath sa 13ú haois agus ina dhiaidh sin. Nuair a ghlactar san áireamh na saincheisteanna atá ann, saincheisteanna a dhéileálann leis an streachailt atá againn na nithe atá de rún ag Dia dá Eaglais a thuiscint, is léir go bhfuil an-tábhacht ag baint leis na díospóidí seo. Agus nuair a ghlactar san áireamh an tuiscint atá ag gach Críostaí ar aithne Dé i leith an aontais seo, agus a léirítear thar áit ar bith eile sa Scríbhinn Dhiaga atá atáirgthe ar an suíomh gréasáin seo, ní féidir glacadh leis go bhfuil na díospóidí do-sháraithe.
Tugann réaltachtaí an lae inniu le fios, chomh maith le scríbhinní na smaointeoirí oirirce sna limistéir seo agus dialóga agus cláir i measc chliarlathas sinsearach na hEaglaise, tugann siad le fios gurbh fhéidir athaontú corparáideach a dhéanamh idir Eaglaisí an Traidisiúin, iad siúd a choinnigh na Sacraimintí – agus go háirithe an Eocairist – agus Comharbas na nAspal agus sagairt a oirníodh go bailí. Is iad seo, in ord ón líon is lú daoine atá i bpobal na ndílseach iontu go dtí an líon is mó: (1) Eaglaisí Ceartchreidmheacha an Oirthir; (2) na hEaglaisí Ceartchreidmheacha atá i gcomaoin le Patrarc Éacúiméineach Chathair Chonstaintín; agus (3) an Eaglais Chaitliceach. Tá comhaontú ann maidir leis an liosta seo ach ba mhaith le húdar an scannáin seo an ceathrú grúpa a chur leis an liosta. Cé go ndéanann na hEaglaisí Ceartchreidmheacha agus an Eaglais Chaitliceach araon iarracht déileáil leis na hEaglaisí sa ghrúpa seo go hoifigiúil trí gan déileáil leo, go fiú chomh fada agus is féidir trí chur i gcéill nach ann dóibh, is féidir a rá faoin cheathrú grúpa seo gurb iad na hEaglaisí Ceartchreidmheacha iad den traidisiún liotúirgeach Biosántach-Slavónach nach bhfuil i gcomaoin le Patrarc Éacúiméineach Chathair Chonstaintín. Níl in Eaglais Cheartchreidmheach Úcráineach, Patrarcacht Kiev, ach an ceann is líonmhaire den líon mór Eaglaisí atá gafa sa phrácás eaglaiseolaíoch seo.
Cé go bhfuil na Protastúnaigh an-tábhachtach don Chríostaíocht, ní cuid den chéad scannán seo iad forbairt an Phrotastúnachais agus na scoilteanna do-áirithe in Eaglais an Iarthair a thosaigh (le mioneisceachtaí áirithe) ón 16ú haois. Bíodh sin mar atá, is dlúthchuid iad den scéal a instear sa “dara” scannán.
Iarrann an dara scannán ar an lucht féachana machnamh a dhéanamh faoina sibhialtacht féin agus faoi na costais a bhaineann le heasaontas na Críostaíochta. Séard atá ann, go bunúsach, ná sraith cás-staidéar faoi chostais na Scoilte. Iarrann sé ar an lucht féachana tuairimíocht eolach a dhéanamh faoi cad é atá roimh an Chríostaíocht Eorpach i dtús báire agus roimh an Chríostaíocht dhomhanda amach ansin má leantar le staid easaontaithe seo na Críosaíochta. Cad é an bhail atá ar an Chríostaíocht? An bhfuilimid ag dul an bealach ceart?
Is é pobal na ndílseach a chinnteoidh sa deireadh an dtarlóidh aontú seo na hEaglaise nó an dteipfidh orainn é a chur i gcrích. Tá a sainróil féin ag cliarlathas na hEaglaise. Níl siad réidh dearbhú chomhpháirteach nó Bunreacht Aspalda nó doiciméid eile a shíniú a chuirfidh Comaoin agus aontas i bhfeidhm arís, ach go fiú dá mbeadh siad sásta sin a dhéanamh, theipfeadh ar dhearbhú dá leithéid gan tacaíocht a bheith acu ó phobal na ndílseach Críostaí, mar a theip air sa bhliain 1439 … agus rinneadh mosc den teach pobail is mó sa Chríostaíocht. |
“Tá an scoilt ag dul go follasach in éadan thoil Chríost, cuireann sí ceap tuisle i mbealach an tsaoil, agus imríonn sí dochar ar chúis shárnaofa seo den Dea-scéal a fhógairt do gach uile neach beo … Is ionann creidiúint i gCríost agus bheith ag dúil leis an aontas; is ionann bheith ag dúil leis an aontas agus bheith ag dúil leis an Eaglais: is ionann bheith ag dúil leis an Eaglais agus bheith ag dúil le comaoin an ghrásta atá ag teacht le plean an Athar le saol na saol. Is é sin an bhrí atá le paidir Chríost: ‘Ut unum sint.’’
Eoin Pól II ina Chiorclán eapainmneach ó 1995
“Na ballaí a scarann óna chéile sinn, níl siad chomh hard leis na flaithis.”
Platón Cathrach Kiev |
|